Súil Amháin

Hip Hop
County Kerry
7831

I gcorplár na dianghlasála is ea d'fhiafraigh Áine Ní Chíobháin de Súil Amháin ar mhaith leis siollaí (agus seilí) a chur ar rian úrnua leis an léiritheoir aitheanta Bantum i gcóir an taispeántais 'Cogar' a bhí á reáchtáil aici do fhéile Other Voices in 2020. Ba bheag an mhoill a bhí ar Súil Amháin (a bhfuil dhá shúil aige) maidhc ar iasacht a lorg ar chomharsa leis chun a ghlór a thaifead.

Tá a chéad rian 'Viva Liobarnach' (atá cosúil leis an nath Spáinnise ¡Viva la libertad! ) curtha ar fáil aige dá bharra, agus tá idir fhaisnéis agus áiféis sa léargas dírbheathaisnéiseach ann ar chúrsa laethúil an rapper liobarnaigh seo as bundún na Ríochta.

Ach ní hé seo an ceann deireanach aige.

Tá trí cínn de rianta eile le teacht fós ó Súil Amháin agus Bantum i mbliana.

(Súil Amháin is a Kerry rapper emerging from a collaboration with renowned producer Bantum as part of an online exhibition 'Cogar' curated by artist Áine Ní Chíobháin for Other Voices festival. 'Viva Liobarnach' is the first of four dynamic releases to come this year produced by Bantum.)

Bookmark and Share
43123 43124